Thursday, May 18, 2006

Tá an chéad post as Gaeilge... (why not!?)

Tar éis a lán smaoineamh, tá socair agam tús a chur ar weblog. Bhí plean agam chun é a dhéanamh, ach táim an-gnóthach go minic, agus bhí mé i gconaí ag cur an smaoin ar an méar fada, mar a deirtear. Rud amháin eile atá i gceist ná an ‘embarrasment factor’ – is dócha nuair a tá tú ag déanamh aon rud poiblí, bíonn tú saghas faiteach faoi (is é ‘faiteach’ focal eile do ‘neirbhíseach’ – is focal nua é domsa: tá an foclóir in aice liom mar nílim i mo cainteoir dúchasach. (Ná bí ina dhiaidh orm maidir le aon botún, le do thoil!!). Bhí mé ag iarraidh an litriú ceart ar neirbhíseach, ach b’fhearr liom an focail faiteach.). Ar aon nós, bhí mé ag smaoineamh nach mbéadh mé chomh cotúil as Gaeilge, mar is iad a lán de mo chairde dall is aineolach don teanga féin… Heh, heh… Amadáin…!! Táim ach ag magadh… Sin an fáth atá mo chéad post as Gaeilge.

Ach freisin, ba mhaith liom postanna a cur suas as Gaeilge anois is arís. Déanaim iarracht caint as Gaeilge chomh minic agus is féidir liom. Mar a tharlaíonn, tá mé ag dul go dtí an Gaeltacht i Gort a’ Choirce, i dTír Chonall i gceann cúpla uair. Tá an Féile Scannáin Faisnéise ar siúl ann, darbh ainm Guth Gafa, so beidh mé ag campáil i nDún na nGall i rith an deireadh seachtaine.

www.guthgafa.com

So, déanaim mo dhícheall do mo theanga féin, mar bhí sé i dtrioblóid mór i rith n blianta. Sa lá atá inniú ann, b’fhéidir go bhfuil níos mó suim ann, le na Gaeilscoileanna is mar sin de, ach deireann daoine fós go bhfuil sé ag fáil báis. Is trua é nach bhfuil sé níos láidir coitianta. Sin an méid don céad post ar mo bhlog ar aon nós…

2 comments:

ian said...

Blog an-mhaith, a chara, na caith tabac.

Paul said...

Hmmm... Múinteoir i Gaelscoil atá ag staidéar liomsa, is dócha! Go raibh maith agat don comment...!